Dr. Maeve O'Brien is Membership Manager for the Digital Repository of Ireland / Taisclann Dhigiteach na hÉireann
See below for the Irish language version of this blog
The Digital Repository of Ireland (DRI) is delighted to share that along with Gaois, part of Fiontar & Scoil na Gaeilge at Dublin City University, we have created a standardised set of Irish language terms relating to digital preservation – producing this list as a publication available on open access to the digital preservation community.
The work builds on an earlier terminology project by Niamh Ní Charra with support from the University of Galway and the National Archives, in liaison with An Coiste Téarmaíochta. An initial list of 214 terms was compiled and designated in the Irish language in the original project led by Niamh Ní Charra. The project focused on identifying the most commonly used archival terms which included a small number of those relating to digital preservation.
The glossary is comprised of new and already established terms. These terms have been combined to provide a comprehensive list that encompasses the range of work undertaken by professionals in the digital preservation sphere. Definitions were drafted collaboratively between DRI and Gaois in order to ensure their accuracy. This was particularly important in the case of distinguishing between semantically similar concepts such as “search” and “discovery”.
A version of the collection can be accessed as a termbase from Gaois.
Digital Preservation Terminology: An Irish language glossary for Repositories and Archivists
The aim of the Digital Preservation Terminology glossary is to facilitate a richer description of digital collections than what currently exists in the Irish language, as well as creating a more extensive Irish language description of digital preservation activities in general. We hope this will encourage more open research in the Irish language. New terms were created in the case of around fifty concepts from a list provided by DRI. These included terms for totally new concepts such as “bit rot: meath giotán” – as well as compound terms made up of existing elements such as “descriptive metadata: meiteashonraí tuairisciúla’.”
These terms were drafted by Gaois researchers and then sent to the Terminology Committee at Téarma.ie for checking and inclusion.
After review, these terms were shared with An Coiste Téarmaíochta, the Terminology Committee of Foras na Gaeilge, who are the body responsible for the promotion of the Irish language throughout the island of Ireland. 49 new digital preservation terms were approved in October 2024. Combined with those terms already approved from the original project, that gives a final list of 68 terms.
This work originates from a research data legacy pilot scheme funded by the Higher Education Authority (HEA). It was led and undertaken by: Úna Bhreathnach, Gaois, DCU; Lisa Griffith, Digital Repository of Ireland; Kevin Long, Digital Repository of Ireland; Niamh Ni Charra, University of Galway; Gearóid Ó Cleircín, Gaois, DCU; Brian Ó Raghallaigh, Gaois, DCU; and Noelia Romero, Digital Repository of Ireland.
A number of Gaois researchers worked on the project including Alma Ní Bhroin, Fírinne Nic an tSaoir, Grace Harkin, Pádraig Flynn and Molly McKenna. We would like to thank the advisory group who provided advice throughout this work including Brian Ó Raghallaigh (Gaois, DCU), Lisa Griffith (DRI), Niamh Ní Charra (University of Galway), Úna Bhreathnach (Gaois, DCU) and Maeve O’Brien (DRI).
We would also like to thank Donncha Ó Cróinin and Jenny Ní Mhaoileoin from the Terminology Committee, Foras na Gaeilge.
Reflecting on this publication, DRI Director Dr Lisa Griffith said:
“The Digital Preservation Terminology glossary is an output from our HEA-funded Legacy Data scheme. We were delighted to work in partnership with Gaois and the Terminology Committee to produce this standardised list of terms for Digital Preservation in the Irish language.
This booklet is a key resource for DRI as an organisation because we are seeking to work more in the Irish language, to work with more Irish language researchers and communities, and to improve the accessibility of our Irish language collections.
We have published this booklet to share the resource with the Irish repository and digital preservation communities more broadly and we hope this booklet will encourage our community to use this list more broadly ensuring consistency and interoperability of digital collections and datasets.”
You can view the Digital Preservation Terminology glossary in the Repository. This newly-deposited publication– now preserved for long-term access – compliment existing items already published in the Repository including the DRI Citation Policy 2024, the DRI Strategic Plan 2024-2029, and the DRI Equality, Diversity, and Inclusion Policy 2023-2025.
Téarmaíocht maidir leis an mBuanchoimeád Digiteach seolta ag DRI: Gluais Ghaeilge do Thaisclanna agus do Chartlannaithe
Tá ríméad ar Thaisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) a chur in iúl go bhfuilimid tar éis sraith chaighdeánaithe de théarmaí Gaeilge a bhaineann leis an mBuanchoimeád Digiteach a chur le chéile i gcomhair le Gaois, cuid d’Fhiontar & Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá an liosta seo curtha ar fáil againn don phobal an Bhuanchoimeádta Dhigitigh mar fhoilseachán ar rochtain oscailte.
Tá an saothar seo ag tógáil ar thionscadal téarmaíochta níos luaithe a reáchtáil Niamh Ní Charra le tacaíocht ó Ollscoil na Gaillimhe agus an Chartlann Náisiúnta, i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta. Tiomsaíodh liosta de 214 téarma Gaeilge sa tionscadal bunaidh a d’eagraigh Niamh Ní Charra. Bhí an tionscadal sin ag díriú ar na téarmaí cartlannaíochta is mó úsáid, ina measc líon beag a bhain leis an mbuanchoimeád digiteach.
Tá idir théarmaí nua agus téarmaí seanbhunaithe sa ghluais. Cuireadh na téarmaí seo le chéile chun liosta cuimsitheach a chur ar fáil ina gcuimsítear an raon oibre a dhéanann gairmithe i réimse an bhuanchoimeádta dhigitigh. Rinne DRI agus Gaois na sainmhínithe a dhréachtú i bpáirt d’fhonn a gcruinneas a chinntiú. Bhí sé seo thar a bheith tábhachtach maidir le hidirdhealú a dhéanamh idir coincheapa comhchosúla ó thaobh na séimeantaice de, m.sh. “cuardach” agus “aimsiú”.
Is féidir leagan den bhailiúchán a rochtain mar bhunachar téarmaí ar shuíomh gréasáin Gaois.
Is é is aidhm leis an ngluais seo de Théarmaíocht maidir leis an mBuanchoimeád Digiteach ná cur síos níos saibhre a éascú ar na bailiúcháin dhigiteacha atá ar fáil i nGaeilge. Anuas air sin, ba mhaith linn cur síos níos fairsinge a chur ar fáil i nGaeilge ar ghníomhaíochtaí um buanchoimeád digiteach go ginearálta. Tá súil againn go spreagfaidh sé seo tuilleadh taighde oscailte i nGaeilge. Cruthaíodh téarmaí nua do thart ar chaoga coincheap ó liosta a chuir DRI ar fáil. Airítear leo sin téarmaí le haghaidh coincheapa iomlán nua, m.sh. “bit rot: meath giotán” – chomh maith le téarmaí comhshuite atá comhdhéanta de ghnéithe reatha, m.sh. “descriptive metadata: meiteashonraí tuairisciúla’.”
Rinne taighdeoirí de chuid Gaois na téarmaí seo a dhréachtú agus cuireadh chuig an gCoiste Téarmaíochta ag Téarma.ie iad lena seiceáil agus lena gcur san áireamh.
Tar éis iad a athbhreithniú, comhroinneadh na téarmaí le Coiste Téarmaíochta Fhoras na Gaeilge, an comhlacht poiblí atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann. Ceadaíodh 49 téarma nua a bhain leis an mbuanchoimeád digiteach i mí Dheireadh Fómhair 2024. Mar aon leis na téarmaí sin a ceadaíodh mar chuid den tionscadal bunaidh, bhí 68 téarma ar an liosta deiridh.
D’eascair an saothar seo as scéim phíolótach oidhreachta sonraí taighde, ar mhaoinigh an tÚdarás um Ardoideachas (ÚAO) é. Seo hiad na daoine a rinne an scéim sin a stiúradh agus a chur i gcrích: Úna Bhreathnach, Gaois, OCBÁC; Lisa Griffith, Taisclann Dhigiteach na hÉireann; Kevin Long, Taisclann Dhigiteach na hÉireann; Niamh Ní Charra, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Gearóid Ó Cleircín, Gaois, OCBÁC; Brian Ó Raghallaigh, Gaois, OCBÁC; agus Noelia Romero, Taisclann Dhigiteach na hÉireann.
D’oibrigh roinnt taighdeoirí éagsúla de chuid Gaois ar an tionscadal. Ina measc siúd, bhí Alma Ní Bhroin, Fírinne Nic an tSaoir, Grace Harkin, Pádraig Flynn agus Molly McKenna. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an ngrúpa comhairleach a chuir comhairle orainn i rith na hoibre seo ar fad. Ina measc siúd, bhí Brian Ó Raghallaigh (Gaois, OCBÁC), Lisa Griffith (DRI), Niamh Ní Charra (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) agus Úna Bhreathnach (Gaois, OCBÁC).
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil chomh maith le Donncha Ó Cróinín agus le Jenny Ní Mhaoileoin ón gCoiste Téarmaíochta, Foras na Gaeilge.
Agus í ag labhairt léi faoin bhfoilseachán seo, dúirt Stiúrthóir DRI, an Dr Lisa Griffith:
“Is aschur ón Scéim Oidhreachta Sonraí Taighde arna maoiniú ag an ÚAO í an Ghluais Téarmaíochta seo maidir leis an mBuanchoimeád Digiteach. Bhí áthas an domhain orainn dul i mbun oibre i bpáirt le Gaois agus leis an gCoiste Téarmaíochta chun an liosta caighdeánaithe téarmaí Gaeilge seo maidir leis an mBuanchoimeád Digiteach a chur i dtoll a chéile.
Acmhainn ríthábhachtach é an leabhrán seo do DRI mar eagraíocht toisc go bhfuilimid ag iarraidh níos mó oibre a dhéanamh sa teanga, dul i mbun oibre le níos mó taighdeoirí agus le pobail na Gaeilge, agus feabhas a chur ar inrochtaineacht ár mbailiúchán Gaeilge.
Rinneamar an leabhrán seo a fhoilsiú chun an acmhainn a roinnt le pobail taiscthe agus buanchoimeádta dhigitigh na hÉireann ar bhealach níos leithne agus tá súil againn go spreagfaidh an leabhrán seo ár bpobal chun an liosta seo a úsáid ar bhealach níos leithne, rud a chinnteoidh comhsheasmhacht agus idir-inoibritheacht na mbailiúchán agus tacair sonraí digiteacha á chinntiú.”
Is féidir teacht ar Ghluais na Téarmaíochta maidir leis an mBuanchoimeád Digiteach sa Taisclann. Cuireann an foilseachán nuathaiscthe seo – atá buanchoimeádta anois i gcomhair rochtain fhadtéarmach – le míreanna atá foilsithe cheana féin sa Taisclann, lena n-áirítear Beartas Luanna DRI, 2024, Plean Straitéiseach DRI, 2024-2029, agus Beartas DRI um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú, 2023-2025.